SANCTA MARIA COLLEGE
Louisburgh Co. Mayo

 

       

Mar phríomhoide ar Choláiste Sancta Maria, is mór an pléisiúr dom fáilte a chur romhaibh chuig ár suíomh idirlín. Is foinse eolais fíor-thábhachtach é an suíomh idirlín seo do phobal na scoile go léir. Bronnadh  gradam air faoi dhó ó Scoilnet ó thaobh an t- ábhar de, agus gan dabht is cúis mhór bród é sin do saol na scoile.

Baineann ár ráiteas misin le gach gné de saol na scoile. Tugtar aitheantas do chách mar dhuine aonair, a bhíonn a thréithe,a  bhuanna agus a riachtanais féin aige/aici. Is oideachas iomlánaíoch a chleachtaímid. Cuirtear béim ar na gnéithe acadúla, fisiciúla, mothúchánacha agus spriodálta dár gcuid daltaí. Is í aidhm na scoile ná na daltaí a fhorbairt sa slí go mbeidh ar a gcumas acu bualadh le deiseanna agus dúshláin an todhchaí .

Is é an príomh fheidhm atá idir lámha againn ná an caighdeán is airde sa léann a chinntiú i ngach seomra ranga.Is é sin an mian atá ag gach múinteoir do gach dalta. Spreagann an foireann múinteoireachta na daltaí a ndícheall acadúil a bhaint amach i gconaí. Deirtear go raibh an caighdeán múinteoireachta agus léinn inár scoil idir “an mhaith” agus “ar fheabhas” sa tuairisc Meastoireacht Scoile Uile (MLL) a tháinig amach le déanaí ón Roinn Oideachas agus Scileanna.
Gan aon dabht, tá áit lárnach ag ról na tuismitheoirí/caomhnóirí i gColáiste Sancta Maria. Is mian dúinn timpeallacht a chruthú  ina n-oibríonn scoil na scoile agus saol  an bhaile maraon  le chéile, chun deis a thabhairt do do mhac/ d’iníon sainfhéiniúlacht a chruthú dó/di féin.

Tá pobal na scoile fíorbhuíoch den tacaíocht a thugann an Bord Bainistíochta, Cumann na dTuismitheoirí agus Comhairle na nDaltaí chun atmaisfear speisialta a chothú sa scoil –  sé sin, áit ina mbionn ár mic agus iníonacha ábalta a bheith ag obair i sonas agus i gcomhréir lena chéile.

Is mise le meas

Pauline Moran

 

 

 

Back to HomePage

 

Sancta Maria College, Louisburgh
Tel: 098 66342 Fax: 098 66570 Email: sanctamc@iol.ie